Tá sé de dhualgas ar an fhoireann pleanála teanga tacaíocht agus cuidiú a thabhairt do scoileanna an cheantair ag gach leibhéal le cinntiú go bhfuil polasaí láidir Gaeilge agus oideachas Gaeilge den chéad scoth á chur ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga na háite. Luíonn polasaí Gaeilge na scoileanna ar leith leis na scoileanna féin, agus ní bheidh ionann ach crann taca do na scoileanna leis na spriocanna atá acu féin i leith na teanga a bhaint amach.
Seo na príomhphointí eolais ar an leathanach seo:
- Eolas ginearálta faoi na scoileanna áitiúla.
- Nascanna chuig acmhainní do naíonraí agus do bhunscoileanna
- An Sruth Gaelach i bPobalscoil Chloich Cheann Fhaola
- Tairgeann muid scoláireachtaí gach bliain do mhic léinn na háite atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge ag an 3ú leibhéal
Cliceáil anseo le Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a léamh. Beidh an chuid is mó de scoileanna na Gaeltachta ag feidhmiú de réir na bpolasaithe seo ag comhoibriú leis na foirne pleanála teanga timpeall na tíre bunaithe ar an Treoir do na Scoileanna Gaeltachta.
Cliceáil anseo le nótaí an mhodúil Stair Sóisialta na Gaeilge a íoslódáil