Tá go leor eolais ar fáil ar líne do thuismitheoirí atá ag iarraidh Gaeilge (nó meascán de Ghaeilge agus Béarla) a úsáid sa teach leis na páistí! Tá an fhoireann pleanála teanga anseo i gCloich Cheann Fhaola ar fáil fosta má tá aon tacaíocht, acmhainní nó comhairle uait mar gheall ar do pháistí a thógáil le Gaeilge – tar i dteagmháil linn am ar bith!
An Ghaeilge sa bhaile
Tá treoir ghinearálta do thuismitheoirí ar fáil as Gaeilge anseo:
Ag Tógáil Clainne le Gaeilge, le Mairéad Ní Chinnéide
(Leagan Béarla anseo: Speaking Irish at Home: A Guide for Parents)
Tá taighde iontach déanta fosta ag an Dr Mary-Pat O’Malley ar dátheangachas (bilingualism) páistí, agus tá eolas iontach do thuismitheoirí curtha ar fáil aici saor in aisce!
How to Raise a Bilingual Child: Practical Guide for Parents with Ready-to-Use Activities
How to Develop your Child’s Home Language(s), leis an Dr Mary-Pat O’Malley.
Cuireann Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Teanga Tí tacaíocht, acmhainní agus comhairle iontach ar fáil.
Sraith físeán do thuismitheoirí ar YouTube: Cuideachta le Clíona
Do pháiste agus an bhunscoil
Tá eolas luachmhar do thuismitheoirí curtha ar fáil ag an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta:
An Bhunscoil – Acmhainní do Thuismitheoirí
Tá achoimre déanta ag an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí ar na ceisteanna is coitianta a bhíonn ag tuismitheoirí agus a bpáistí ag dul go dtí an bhunscoil.
Do leanbh agus do scoil – ceisteanna a chuirtear go minic
Tá bileoga anseo le cúpla nod do thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag tosú sa bhunscoil, ag aistriú ón réamhscoil:
Ag tosú sa scoil mhór – cúpla nod do thuismitheoirí
An Traein: Ag aistriú ón naíonra go dtí an bhunscoil
Cuireann Gaeilge do Thuismitheoirí acmhainní ar fáil do thuismitheoirí atá ag iarraidh tacaíocht a thabhairt dá bpáistí leis an Ghaeilge mar ábhar scoile (dátheangach):
Ag cuidiú le do pháiste leis an Ghaeilge ar scoil – Acmhainní