Faoi Acht na Gaeltachta 2012 beidh ar gach ceantar Gaeltachta plean teanga a ullmhú má tá siad ag iarraidh fanacht mar chuid den Ghaeltacht. Beidh stádas Gaeltachta ag brath ar Phlean Teanga a aontú le Roinn na Gaeltachta agus ní ar bhonn tíreolaíochta, mar atá sé faoi láthair.
Tá sé fíor thabhachtach go bhfanfaidh ceantar Chloich Cheann Fhaola mar chuid den Ghaeltacht. Mar gheall ar sin tá a lán eagraíochtaí sa cheantar ag oibriú le chéile chun Plean Teanga a ullmhú. Clúdóidh an Plean Teanga an iliomad réimsí, ar nós Oideachas, Spórt, Teaghlaigh, An t-Aos Óg, Seandaoine, Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta, Turasóireacht, Creideamh, Sláinte agus a lán eile.
Tá a lán oibre déanta ag an choiste go dtí seo agus a lán le déanamh amach anseo. Beidh ar phobal Chloich Cheann Fhaola oibriú le chéile chun cinntiú go bhfanfaidh muid mar chuid den Ghaeltacht.
[connections]