Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola

Labhair í
agus mairfidh sí
  • Gaeilge
  • English
Gabh i dteangmháil linn
  • Baile
    • Maidir Linn
    • Nuachtlitir
  • Bí Páirteach
    • Fóram Pobail CCF
  • Úsáid na Gaeilge
  • Foghlaim na Gaeilge
    • Ranganna & Ciorcail Chainte
    • An scéim Gaelchara
    • Foghlaim Neamhspleách
  • Eolas do Thuismitheoirí
    • Is tuismitheoir gan Ghaeilge mé. Cá thosóidh mé?
    • Grúpa Tachráin & Tuistí
  • Tacaíocht do Ghnólachtaí
  • Oideachas
    • Scoileanna áitiúla
    • Acmhainní (Naíonraí & Bunscoileanna)
    • Scoláireachtaí Ollscoile (2021–2022)
  • Scéalta & Leabhair
  • Ár bPlean
    • Torthaí Suirbhé
  • Do Chearta Teanga

Fóram Pobail CCF

Is é aidhm an Fhóraim ná deis a thabhairt don phobal ionchur agus tionchar a bheith acu ar an phróiseas pleanála teanga, agus cuidiú a thabhairt don obair atá ar bun.

 

An Chéad Fhóram – 26ú Feabhra, 2019

Tugadh cuireadh d’ionadaí as gach eagraíocht, coiste, agus grúpa sa cheantar, mar aon leis an phobal i gcoiteann. Bhí scaifte mhór i láthair ar an oíche. Fuair an coiste na moltaí seo ón phobal:

  1. Gnímh a chur i bhfeidhm chun cur leis na seirbhísí Gaeilge i siopaí, lóistín, tithe tábhairne srl., sa cheantar.
    • Cad a tharla ó shin?
      1. Scaipeadh comharthaíocht do gach comhlacht/eagraíocht sa cheantar a thugann fáilte roimh dhaoine an Ghaeilge a úsáid áit a bhfuil seirbhís i nGaeilge ar fáil
      2. D’eagraíodh comhdháil don lucht ghnó sa tSean-Bheairic ar 19ú Meán Fómhair 2019. Bhí saineolaithe i láthair ag tabhairt comhairle leis an Ghaeilge a úsáid le gnó a chur chun cinn.
      3. D’eagraíodh an comórtas “Fostaí Gaeilge na Bliana” i mí na Nollag 2019 le haitheantas a thabhairt d’fhostaithe i ngnólachtaí CCF a chuireann Gaeilge chun cinn san ionad oibre.
        ~
  2. Go ndéanfar athbheochan ar an drámaíocht Gaeilge agus go mbunófar grúpa nua.
    • Cad a tharla ó shin?
      1. D’eagraigh CPTCCF sraith cruinnithe poiblí chun cuidiú leis an phobal athbheochan a dhéanamh ar an drámaíocht sa cheantar.
      2. Bhí an próiseas ag dul ar aghaidh ach tháinig moill ar achan rud mar gheall ar srianta COVID-19
        ~
  3. Fóram Oideachais CCF a bhunú
    • Cad a tharla ó shin?
      1. Bunaíodh an Fóram Oideachais. Tháinig an Fóram le chéile 4 uaire idir Bealtaine 2019 agus Feabhra 2020 sular chuir srianta sláinte moill ar obair an fhóraim.
      2. Beidh an Fóram ag cruinniú arís sa bhliain acadúil 2021-22.
        ~
  4. Tacaíochtaí teanga a chur ar fáil do thuismitheoirí ar mhaith leo a gclann a thógáil le Gaeilge
    • Cad a tharla ó shin?
      1. Tá leathanach á fhorbairt againn ar ár suíomh idirlín le treoir agus acmhainní praiticiúla do thuismitheoirí de chumais éagsúla Gaeilge.
      2. Beidh grúpa Tachráin & Tuistí le bunú san Fhómhair 2021 le Pobal le Chéile
        ~
  5. Go mbeidh níos mó deiseanna ag daoine óga an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den sheomra ranga.
    • Cad a tharla ó shin?
      1. Tá dul chun cinn iontach á dhéanamh ag CLG Chloich Cheann Fhaola leis an teanga a chur chun cinn sa chlub is mó a bhfuil páirt ag daoine óga an cheantair ann.
      2. Bunaíodh Parlaimint na nÓg ach athbheochan ag teastáil air anois.
        ~
  6. Go gcuirfear níos mó deiseanna ar fáil leis an Ghaeilge a úsáid go laethúil agus go sóisialta sa phobal.
    • Cad a tharla ó shin?
      1. Bunaíodh an scéim Gaelchara in 2019 agus tá Gaelchara 2 ar siúl go dtí Bealtaine 2022. Tá 14 rannpháirtí sa scéim faoi láthair agus iad ag casadh le chéile le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus an teanga a úsáid ar bhealach sóisialta.

Scaip an scéal:

  • Tweet
Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola

Nuacht is déanaí

Clár Imeachtaí Eanáir-Feabhra 2022

03/01/2022

Ranganna Gaeilge do Thuismitheoirí

15/11/2021

Mara Duit – Nuachtlitir mhí na Samhna 2021

04/11/2021

Páistí le Chéile – Grúpa nua Tachráin & Tuistí

01/11/2021

Oíche Ghearradh na bPuimcíní!

18/10/2021

Seoladh

Pleanáil Teanga CCF
Ionad Acmhainne Bhéal an Átha
An Fál Carrach
F92 XH70


Ceann Eagraíochtaí

An tSean Bheairic, An Fál Carrach
00353 74 9180888
Pobal Eascarrach, An Fál Carrach
00353 74 918 0571
Coiste Forbartha Pobail Ghort a'Choirce
Ionad a'Phobail Machaire Rabhartaigh,
Gort a'Choirce
00353 74 9135556
Faisean
Tweets by @ptccf

Copyright © 2025 · Teama Pleanail Teanga Chloich Cheann Fhaola on Genesis Framework · WordPress · Log in