Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola

Labhair í
agus mairfidh sí
  • Gaeilge
  • English
Gabh i dteangmháil linn
  • Baile
    • Maidir Linn
    • Nuachtlitir
  • Bí Páirteach
    • Fóram Pobail CCF
  • Úsáid na Gaeilge
  • Foghlaim na Gaeilge
    • Ranganna & Ciorcail Chainte
    • An scéim Gaelchara
    • Foghlaim Neamhspleách
  • Eolas do Thuismitheoirí
    • Is tuismitheoir gan Ghaeilge mé. Cá thosóidh mé?
    • Grúpa Tachráin & Tuistí
  • Tacaíocht do Ghnólachtaí
  • Oideachas
    • Scoileanna áitiúla
    • Acmhainní (Naíonraí & Bunscoileanna)
    • Scoláireachtaí Ollscoile (2021–2022)
  • Scéalta & Leabhair
  • Ár bPlean
    • Torthaí Suirbhé
  • Do Chearta Teanga

Do Chearta Teanga

An Comhairle Contae

Tá sé de cheart ag muintir Dhún na nGall plé leis an Chomhairle Contae trí mheán na Gaeilge.

Seirbhís Labhartha ar an Ghuthán

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle ar (074) 91 53900.

Tabharfar rogha teanga do gach duine a chuireann scairt ar an uimhir sin, idir Gaeilge (brúigh Uimhir 1) nó Béarla (brúigh Uimhir 2).

Seirbhís Scríofa (Comhfhreagras & Litreacha)

Tá de cheart ag an phobal comhfhreagras scríofa a chur chuig an Chomhairle Contae. Caithfidh an Chomhairle freagra a thabhairt ar an chomhfhreagras sin i nGaeilge.

Nuair a fhaigheann tusa comhfhreagras nó litir ón Chomhairle Contae atá ag dul don phobal i gcoitinne, tá dualgas ar an Chomhairle an comhfhreagras sin a chur ar fáil go dátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla.

Foirmeacha Iarratais

Tá de cheart agat gach foirm iarratais de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall a fháil i nGaeilge. Mura raibh tú in ann teacht ar leagan Gaeilge den fhoirm iarratais, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge, ag úsáid na sonraí teagmhála thíos faoi seo, agus déanfar do chás a thaifead agus féachfar le foirm iarratais i nGaeilge a sholáthar duit gan mhoill, i gcomhar leis an rannóg chuí den Chomhairle.

 

Fá choinne ceisteanna a bhaineann le seirbhísí Gaeilge, déan teagmháil le:

Seán Ó Daimhín,
Oifigeach Forbartha Gaeilge
074 91 72496
sdaimhin@donegalcoco.ie

Do Chearta Bunreachtúla & Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tá sé de cheart ag an phobal:

  1. gach gnó – agus gach cuid den ghnó – a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin.
  2. freagraí a fháil i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí ar chomhfhreagras fríd an phost nó trí r-phost a scríobhtar sa Ghaeilge.
  3. a bheith ag súil go gcuirfidh comhlachtaí poiblí eolas amach (don phobal i gcoitinne) i nGaeilge nó go dátheangach.
  4. a bheith ag súil go bhfoilseoidh comhlachtaí poiblí doiciméid thábhachtacha ar leith (Achtanna den Oireachtas san áireamh), atá deimhnithe sa reachtaíocht, i nGaeilge agus i mBéarla.
  5. aon ghnó os comhair Thithe an Oireachtais a dhéanamh trí Ghaeilge (chomh maith le coistí, fochoistí agus comhchoistí de chuid an Oireachtais).
  6. an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt nó i ngnóthaí cúirteanna.
  7. a bheith in ann leas a bhaint as gach seirbhís trí Ghaeilge atá comhaontaithe i scéim teanga ag comhlachtaí poiblí. San áireamh anseo tá scéimeanna ar leith a bhaineann le ceantair Ghaeltachta.

Má dhiúltaítear do do chearta teanga, tig leis an phobal comhairle a fháil, nó gearán a dhéanamh, leis an Choimisinéir Teanga anseo: Gabh i dTeagmháil leis an Choimisinéir Teanga

Scaip an scéal:

  • Tweet
Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola

Nuacht is déanaí

Clár Imeachtaí Eanáir-Feabhra 2022

03/01/2022

Ranganna Gaeilge do Thuismitheoirí

15/11/2021

Mara Duit – Nuachtlitir mhí na Samhna 2021

04/11/2021

Páistí le Chéile – Grúpa nua Tachráin & Tuistí

01/11/2021

Oíche Ghearradh na bPuimcíní!

18/10/2021

Seoladh

Pleanáil Teanga CCF
Ionad Acmhainne Bhéal an Átha
An Fál Carrach
F92 XH70


Ceann Eagraíochtaí

An tSean Bheairic, An Fál Carrach
00353 74 9180888
Pobal Eascarrach, An Fál Carrach
00353 74 918 0571
Coiste Forbartha Pobail Ghort a'Choirce
Ionad a'Phobail Machaire Rabhartaigh,
Gort a'Choirce
00353 74 9135556
Faisean
Tweets by @ptccf

Copyright © 2025 · Teama Pleanail Teanga Chloich Cheann Fhaola on Genesis Framework · WordPress · Log in