Sa Bhaile leis an Teaghlach
Focail & Frásaí Úsáideacha do Thuismitheoirí le Gaeilge a úsáid sa bhaile.
Tá treoracha agus acmhainní eile do thuismitheoirí sa roinn Eolas do Thuismitheoirí agus Scéalta & Leabhair den suíomh seo.
Tá cuid mhaith cluichí as Gaeilge ar fáil ar www.udar.ie, ina measc tá:
Amuigh sna Siopaí
Chuir an fhoireann Pleanála Teanga comharthaíocht ar fáil do gach gnó agus eagraíocht i gCloich Cheann Fhaola agus mar sin nuair a fheiceann tú an comhartha seo, tá siad ag cur fáilte romhat Gaeilge a úsáid sa siopa/eagraíocht/gnó sin:
Clubanna & Cumainn
Cuireann muid an treoir seo ar fáil do chlubanna, cumainn, agus eagraíochtaí an cheantair leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga sóisialta anseo. Má tá tú gníomhach i ngrúpa sóisialta mar seo faoi láthair, tig le ról tábhachtach a bheith agat i gcothú na Gaeilge sa phobal!
37 Bealach le Gaeilge a chur chun cinn i do chlub nó cumann (leagan Gaeilge)
37 Ways to Promote Irish in your Club or Association (English Version)
Leis an Stát & Comhairle Contae
Ná déan dearmad go bhfuil sé de cheart agat plé leis eagraíochtaí stáit agus leis an chomhairle contae as Gaeilge (agus as Gaeilge amháin) más mian leat. Tuilleadh eolais anseo maidir le Do Chearta Teanga.