Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola

Labhair í
agus mairfidh sí
  • Gaeilge
  • English
Gabh i dteangmháil linn
  • Baile
    • Maidir Linn
    • Nuachtlitir
  • Bí Páirteach
    • Fóram Pobail CCF
  • Úsáid na Gaeilge
  • Foghlaim na Gaeilge
    • Ranganna & Ciorcail Chainte
    • An scéim Gaelchara
    • Foghlaim Neamhspleách
  • Eolas do Thuismitheoirí
    • Is tuismitheoir gan Ghaeilge mé. Cá thosóidh mé?
    • Grúpa Tachráin & Tuistí
  • Tacaíocht do Ghnólachtaí
  • Oideachas
    • Scoileanna áitiúla
    • Acmhainní (Naíonraí & Bunscoileanna)
    • Scoláireachtaí Ollscoile (2021–2022)
  • Scéalta & Leabhair
  • Ár bPlean
    • Torthaí Suirbhé
  • Do Chearta Teanga

Tacaíocht do Ghnólachtaí

I láthair na huaire, is é an Béarla príomhtheanga gnó na tíre seo. Anseo i gCloich Cheann Fhaola, tá sé i gceist againn áit a fháil don Ghaeilge i saol an ghnó, taobh leis an Bhéarla.

Comharthaíocht

Má tá tú ag iarraidh comharthaíocht nua a fháil do do ghnólacht, as Gaeilge nó dátheangach, tig leis an fhoireann Pleanála Teanga tacaíocht a thabhairt duit! Cuir iarratas isteach anseo:

>> Tá mé ag iarraidh comharthaíocht Gaeilge/dátheangach a fháil! <<

Cúrsa Praiticiúil sa Ghaeilge Labhartha don saol oibre

Cuireann an fhoireann cúrsaí Gaeilge ar fáil saor in aisce don lucht gnó atá dírithe ar bunscileanna labhartha atá furasta le cur i bhfeidhm sa saol oibre – le custaiméirí agus le comhoibrithe: Cláraigh d’fhoireann oibre anseo do chúrsa:

>> Tá ár ngnólacht ag iarraidh cúrsa a dhéanamh! <<

Seirbhísí Aistriúcháin

Má tá tú ag iarraidh téacs a chur ar fáil sa Ghaeilge nó sa dá theanga (m.sh. bileog eolais, comharthaí, nuachtlitir, biachlár, suíomh idirlín), tig linn an t-aistriúchán a dhéanamh duit saor in aisce (ag brath ar líon na bhfocal): Cuir isteach ar thacaíocht aistriúcháin anseo:

>> Tá tacaíocht uaim le haistriúchán! <<

 

Acmhainní Gnó & Scéim Tacaíochta Gnó 2021

Cuireann Foras na Gaeilge acmhainní agus earraí gnó praiticiúil ar fáil do ghnólachtaí atá ag iarraidh an Ghaeilge (nó meascán de Ghaeilge agus de Bhéarla) a úsáid mar theanga gnó:

>> Acmhainní Gnó Foras na Gaeilge <<

~ Scéim Tacaíochta Gnó 2021: Tacaíonn an scéim seo le fiontair thrádála bheaga agus mheánmhéide an Ghaeilge a chur chun cinn ina ngnólachtaí trí chomharthaíocht, pacáistíocht, suíomhanna gréasáin agus ábhar margaíochta clóite. Tá critéir agus sonraí uile ar shuíomh idirlín Foras na Gaeilge: Scéim Tacaíochta Gnó 2021.

 

Deontais/Tacaíochta Airgeadais do Ghnólachtaí (Údarás na Gaeltachta)

Tá deontais éagsúla á gcur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta le tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí atá lonnaithe i nGaeltacht Chloich Cheann Fhaola. Tuilleadh eolais anseo!

Scaip an scéal:

  • Tweet
Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola

Nuacht is déanaí

Clár Imeachtaí Eanáir-Feabhra 2022

03/01/2022

Ranganna Gaeilge do Thuismitheoirí

15/11/2021

Mara Duit – Nuachtlitir mhí na Samhna 2021

04/11/2021

Páistí le Chéile – Grúpa nua Tachráin & Tuistí

01/11/2021

Oíche Ghearradh na bPuimcíní!

18/10/2021

Seoladh

Pleanáil Teanga CCF
Ionad Acmhainne Bhéal an Átha
An Fál Carrach
F92 XH70


Ceann Eagraíochtaí

An tSean Bheairic, An Fál Carrach
00353 74 9180888
Pobal Eascarrach, An Fál Carrach
00353 74 918 0571
Coiste Forbartha Pobail Ghort a'Choirce
Ionad a'Phobail Machaire Rabhartaigh,
Gort a'Choirce
00353 74 9135556
Faisean
Tweets by @ptccf

Copyright © 2025 · Teama Pleanail Teanga Chloich Cheann Fhaola on Genesis Framework · WordPress · Log in