Tá cuidiú de dhíth orainn chun Plean Teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Má tá tú ag iarraidh lámh chuidigh a thabhairt dúinn bheadh muid fíor bhuíoch dá rachfá i dteagmháil linn. Ba mhaith linn go mbeadh gach aoisghrúpa páirteach sa tionscnamh seo agus coinneoidh muid sibh ar an eolas ag gach céim den phróiseas.
An bhfuil tú linn?
>> Tá mé ag iarraidh a bheith páirteach! <<
Seo thíos cuid de na oscailtí atá againn faoi láthair:
Aistritheoir, scríbhneoir, dearthóir, daoine óga le scileanna sna meáin shóisialta (Instagram, Snapchat san áireamh), daoine le scileanna físe agus cumarsáide, teagascóirí, lucht gnó.
Ar ndóigh tá tuismitheoirí thar a bheith tábhachtach sa phróiseas seo freisin agus bheadh muid an-sásta cloisteáil ó thuismitheoir ar bith a bhfuil suim acu sa tionscnamh seo. Ar ndóigh beidh tacaíochtaí teaghlaigh mar chuid den phlean teanga.
Seo thíos físeán beag le samplaí chun an teanga a úsáid go laethúil.