Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola

Labhair í
agus mairfidh sí
  • Gaeilge
  • English
Gabh i dteangmháil linn
  • Baile
    • Maidir Linn
    • Nuachtlitir
  • Bí Páirteach
    • Fóram Pobail CCF
  • Úsáid na Gaeilge
  • Foghlaim na Gaeilge
    • Ranganna & Ciorcail Chainte
    • An scéim Gaelchara
    • Foghlaim Neamhspleách
  • Eolas do Thuismitheoirí
    • Is tuismitheoir gan Ghaeilge mé. Cá thosóidh mé?
    • Grúpa Tachráin & Tuistí
  • Tacaíocht do Ghnólachtaí
  • Oideachas
    • Scoileanna áitiúla
    • Acmhainní (Naíonraí & Bunscoileanna)
    • Scoláireachtaí Ollscoile (2021–2022)
  • Scéalta & Leabhair
  • Ár bPlean
    • Torthaí Suirbhé
  • Do Chearta Teanga

An scéim Gaelchara

Cad atá i gceist leis an scéim Gaelchara?

Is í aidhm na scéime deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge feabhas a chur ar a c(h)uid scileanna teanga trí Ghaeilge a úsáid is a chleachtadh i suíomh spraíúil agus sóisialta in éineacht le cainteoir dúchais. Bheadh súil go n-osclódh an cainteoir dúchais an doras isteach go saol na Gaeilge mar theanga pobail.

Caitheann an foghlaimeoir agus an cainteoir dúchais uair nó dhó sa tseachtain ag labhairt agus ag cleachtadh na teanga le chéile agus iad gníomhach i gcaitheamh aimsire dá rogha féin.

Cuirtear líon áirithe airgid ar fáil don fhoghlaimeoir agus don chainteoir dúchais le caitheamh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann siad le chéile.

Cé atá ábalta páirt a ghlacadh sa scéim?

Tá an scéim oscailte do (i) foghlaimeoirí Gaeilge atá ina gcónaí i gCloich Cheann Fhaola, agus (ii) cainteoirí dúchais as Cloich Cheann Fhaola.

Gaelchara 3 (2022-2023)

Beidh Gaelchara 3 ag tosú i mí Eanáir 2022 agus mairfidh sé 10 seachtaine. Is féidir le foghlaimeoirí agus cainteoirí na Gaeilge cur isteach ar an scéim nó eolas a lorg ag cptccf@gmail.com nó ar 087 2270722.

Gaelchara 3 – Info & Sign up
Gaelchara 3 – Eolas & Clárú

Gaelchara 2 (2020-2022)

Bhí 14 rannpháirtí sa scéim Gaelchara 2. Cuireadh tús leis i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus tháinig deireadh leis i mí na Nollag 2021. Caitheann na Gaelchairde 30 uair a’ chloig le chéile thar tréimhse 10 mí. Cuirtear €350 ar fáil don fhoghlaimeoir agus €350 don chainteoir dúchais le linn an ama seo. Seo na Gaelchairde a bhí páirteach in Gaelchara 2:

  • Tine Verbeke (foghlaimeoir) agus Anna Ní Bhroin (an Gaelchara).
  • Seán Ó Gaoithín (foghlaimeoir) agus Simon Mac Fhionnlaoich (an Gaelchara).
  • Mark Peeters (foghlaimeoir) agus Cáit Ní Chuirreáin (an Gaelchara).
  • Éilis Nic Donncha (foghlaimeoir) agus Barbara Ní Fhearraigh (an Gaelchara).
  • Candy Verney (foghlaimeoir) agus Noelle Ní Smoláin (an Gaelchara).
  • Seán Ruth (foghlaimeoir) agus Paddy Mac Aodha (an Gaelchara).
  • Rosemary Grain (foghlaimeoir) agus Aoife Nic an Iomaire (an Gaelchara)

Scaip an scéal:

  • Tweet
Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola

Nuacht is déanaí

Clár Imeachtaí Eanáir-Feabhra 2022

03/01/2022

Ranganna Gaeilge do Thuismitheoirí

15/11/2021

Mara Duit – Nuachtlitir mhí na Samhna 2021

04/11/2021

Páistí le Chéile – Grúpa nua Tachráin & Tuistí

01/11/2021

Oíche Ghearradh na bPuimcíní!

18/10/2021

Seoladh

Pleanáil Teanga CCF
Ionad Acmhainne Bhéal an Átha
An Fál Carrach
F92 XH70


Ceann Eagraíochtaí

An tSean Bheairic, An Fál Carrach
00353 74 9180888
Pobal Eascarrach, An Fál Carrach
00353 74 918 0571
Coiste Forbartha Pobail Ghort a'Choirce
Ionad a'Phobail Machaire Rabhartaigh,
Gort a'Choirce
00353 74 9135556
Faisean
Tweets by @ptccf

Copyright © 2025 · Teama Pleanail Teanga Chloich Cheann Fhaola on Genesis Framework · WordPress · Log in