Tugadh deis d’achan teaghlach sa cheantar a gcuid dtuairimí féin a nochtadh ar cheist na Gaeilge i gCloich Cheann Fhaola trí phróiseas rúnda anaithnid.
Líon 1,314 duine / teaghlach an suirbhé le linn Mí Lúnasa 2016. Tugann seo muinín dúinn go mbaineann tórthaí an tsuirbhé seo le tuairimí an phobail féin toisc gur éirigh linn céatadán ionadaíoch a fháil ar an phobal. Tugann sé seo bunús readúil dúinn ar a mbeidh Plean Teanga Chloich Cheann Fhaola bunaithe. Eiseofar Plean Teanga Chloich Cheann Fhaola sna seachtainí seo romhainn.
Ba mhaith le Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola buíochas a ghabháil le achan duine a chuidigh linn leis an suirbhé a dháileadh & a bhailiú agus le baill uile an phobail a líon an suirbhé féin
Gheofar torthaí an tsuirbhé ar an nasc seo Suirbhé (Íoslódáil PDF 10MB)
[pdfviewer width=”600px” height=”849px” beta=”true/false”]https://pleanailteangachloichcheannfhaola.com/wp-content/uploads/2017/01/SuirbheChloichCheannFhaola-Gaeilge-comp.pdf[/pdfviewer]