Tá “Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola” ag lorg “Comhairleoir Teanga” le gníomhaíochtaí phlean teanga na paróiste a chuir i bhfeidhm. Conradh trí bliana atá i gceist leis an phost seo agus beidh an té a cheaptar faoi stiúr an “Choiste Pleanála Teanga”.
Dualgaisí:-
- Gach plean bliana a aontú leis an choiste
- Plean oibre/costas a dhreachtú agus a aontú
- Tuairisciú leanúnach a chuir ar fáil don choiste/Údarás/Roinn
- Plé/Teangbháil leanúnach le m.sh.Réamhscolaíocht/Bunscoltacha /Meánscoltacha/Coistí/Clubanna/Lucht Gnó/Lucht Seirbhisí &rl.
- Freastail ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth am oibre nuair is gá
- Solúbthacht agus a bheith ábalta oibriú as do stuaim féin
- Plé leis na h-eagraisí cuí “Údarás”/”Roinn”&rl. thar chionn an choiste nuair is gá
Cáilíochtaí Riachtanacha:-
- Ard chaighdeán Gaeilge le cumas labhartha agus scríobhtha.
- Taithí ag bainistiú tionscadail forbartha pobail.
- Scileanna maithe cumarsáide agus áisitheoireachta.
- Scileanna maithe ríomhaireachta agus riaracháin.
Ina bhuntáiste:-
- Cailíocht sa phleanáil teanga
- Scileanna ‘sna meáin shóisialta
- Eolas ar chuntaisí
- Eolas ar fhoinsí maoinithe
Tuarastal & Pá
- ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí.
Iarratas
Seol litir iarratais chomh maith le C.V. chuig:
cptccf@gmail.com nó Máire Ní Chasaide, An Rúnaí, “CPTCCF”,
An t-Sean Bheairic, An Fálcarrach, Tír Chonaill.
Spriocdháta: 5.00i.n. Dé h-Aoine an 17/11/2017.